Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Pleanáil > Pleananna Forbartha, Oidhreacht Thógtha & Deontais > Treoir Dearaidh Bhéal Átha Seanaidh

Treoir Dearaidh Bhéal Átha Seanaidh - Aibreán 2019

 

Seoladh Treoir Dearaidh Bhéal Átha Seanaidh sa bhaile ag imeacht a cuireadh ar siúl Dé Máirt an 9 Aibreán 2019.  Bhí freastal mór ar an imeacht i measc an phobail áitiúil.

 

Choimisiúnaigh Comhairle Contae Dhún na nGall an Treoir. Fuarthas cistiú ina leith ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail faoi Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte.

 

Tá ag Béal Átha Seanaidh raon leathan foirgneamh oidhreachta a tógadh go mall san 18ú haois agus go luath sa 19ú haois. Is ann do 55 dhéanmhas chosanta sa bhaile.  Trí thuiscint a ghnóthú ar a thábhachtaí atá na déanmhais éagsúla sin, spreagfar agus treorófar athghiniúint Oidhreacht-treoraithe an bhaile, soláthrófar inbhuanaitheacht agus áiritheofar todhchaí bheoga don bhaile.  Mar thoradh ar an oidhreacht thógtha shaibhir i mBéal Átha Seanaidh, seasann an baile amach ó lear áiteanna eile sa tír. D’fhéadfadh ‘Gné Uathúil Dhíolacháin’ Bhéal Átha Seanaidh a thabhairt uirthi. Léirítear i dtaighde idirnáisiúnta cé chomh tábhachtach is atá an oidhreacht sin ó thaobh folláine eacnamaíoch agus shóisialta de. Dá bhrí sin, tá an tionscnamh seo ar an gcéad chéim thábhachtach i dtreo an tsócmhainn an-speisialta an-uathúil atá againn a chaomhnú.

 

Is é an aidhm go mbeidh an Treoir seo ina cabhair do raon leathan geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha, amhail úinéirí talún, úinéirí gnó, grúpaí pobail áitiúil, cleachtóirí teicniúla, comhlachtaí reachtúla agus údaráis áitiúla.  I gcásanna ina bhféadfar an chomhairle a thugtar sa Treoir seo a úsáid, rachaidh sí chun tairbhe do chaomhnú charachtar an bhaile san fhadtéarma.

 

Is féidir amharc ar an Treoir ag an nasc seo a leanas:  Treoir Dearaidh Bhéal Átha Seanaidh